Drama full of drama

Léirmheas Drámaíochta: Christ Deliver Us.

Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath.

Solas is ea an dráma seo. Léargas ar thréimhse atá imithe tharainn uile, le solas a chaitheamh ar ábhair gur chúraimí dár linne féin iad - cumhacht na hEaglaise Caitlicí ina measc. Is ath-chóiriú é Christ Deliver Us ar dhráma clasaiceach, inghlactha na Gearmáine: A Spring Awakening a scríobh Frank Wedekind, ath-chóiriú atá lonnaithe i mbaile tuaithe, i gCill Ceannaigh na gcaogaidí.

Agus mé ag imeacht as radharc chun na suíochán, i measc shlua Amharclann na Mainistrigh, ghlac mé leis go mbeadh dhá uair a’ chloig, chomh trom le luadh, romham ach ní hamhlaidh a bhí ath-chóiriú Thomas Kilroy. Le stiúrthóir eile, bheadh an baol ann gur píosa éadóchasach, duairc, lán le céadfaíochas a bheadh i Christ Deliver Us ach aimsíonn an stiúrthóir Wayne Jordan cothromaíocht théamach thar cionn. Pléann an dráma seo dochma na sochaí, na heagraíochtaí ceannasacha ar an bpáiste agus ar shaoirse intinne an duine óig, ach más é cultúr an mhilleáin a bhí tú ag tnúth leis, ní mar sin atá.

“...Off with it! The truth! The truth will out!”

Is iad na príomhcharachtair Michael (Aaron Monaghen) agus Winnie (Aoife Duffin) a ardaíonn an líon is mó ceisteanna agus mar gheall ar seo tá riar mhaith fulaingthe an dráma le sonrú ina gcarachtair. Tá Michael eolach ar chúrsaí eolaíochta agus tugann sé cúl don reiligiún ag uaigh an triú charachtair a chuireann a lámh ina bhás féin. ‘Sí Winnie cailín béalscaoilte an bhaile, ach siltear a hanam i gclochar ag deireadh thiar thall. ‘Sí tragóid na fírinne seo ní hamháin gur tharla seo i go leor cásanna ach gurbh iad ná páistí b’éirimiúla agus ba chumasaí na páistí ba mhó a d’fhulaing faoi lámh láidir na sochaí. Sin ráite, ní mar chonstaic do-sháraithe a chuirtear an Stáit/an Eaglais os ár gcomhair - tá na féidireachtaí fós ann don duine aonarach cumhacht an údaráis a shárú, rud atá le sonrú i línte an Athar Seamus le Michael nuair a deir sé “we are born under the sign of a question mark”.

Easaontas faoi fhad ghúna Winnie. Eleanor Methven / Mrs Butler (ar chlé) agus Aoife Duffin / Winnie.

Nochtann Kilroy an cúngú a bhí go forleathan i mbailte tuaithe Éireannacha sna caogaidí, agus an chaoi a cuireadh daoine ina staic le faitíos ag an gcúngú agus roimh an dochma. Dar le scríobhneoireacht Kilroy, is é an peaca marfach is tromchúisí ar fad ná a bheith ag cur cosc ar mhianta, shamhlaíocht agus fhiosracht an pháiste. Mar sin ní ag caitheamh súil amhrais ar an Stáit nó ar an Eaglais amháin atá an dráma, ach cúraim an pháiste a cheistiú i sochaí a bhaineann beatha agus fiosracht na hóige as daoine de dheasca na cúngaigeantachta.

“Hypocrites! The lot of us!... Hiding our transgression, secret sins! Off with it! Off with it! The truth! The truth will out!”- An tAthair Séamus. B’shuntasach an rud é gur ag sagairt le maolteanga a bhí na línte seo, maolteanga nach raibh aige faoi radharc deireanach an phíosa. Léirigh seo gurb é crógacht an té atá maith taobh istigh d’institiúd olc atá le moladh agus le forbairt. D’úsáid Kilroy stoc carachtar an tsagairt mhaith freisin lena léiriú nach féidir plátáil a dhéanamh ar gach ball na Eaglaise agus is é an stoc carachtar seo a chuireann an príomh carachtar ar bhóthar a leasa ar fad.

Is an-léargas é an léiriúcháin seo ar thalann óg aisteoireachta na hÉireann.

Tá 23 aisteoir ar fad rannpháirteach, céimithe úrnua de chuid scoil dhrámaíochta Choláiste na Tríonóide agus aisteoirí de chuid Amharclann Crooked House ina measc, anuas ar chrannaisteoirí aitheanta na tíre; Séamus Brennan, Tom Hickey agus Cathy Belton srl.

Ní fhéadfá súil a leagan ar dhráma ní ba thráthúla ná Christ Deliver Us. Nuair a chruinníonn na sagairt agus an tEaspach thart ar bhord le cás an phríomhcharachtair Michael a phlé, chuirfeadh sé cruinnithe an Phápa Benedict XVI agus Easpaigh na hÉireann i dtaobh ionsaithe gnéis na gcléireach i gcuimhne go héasca duit, bíodh is nár sceitheadh an scéal áirithe sin i bhfad i ndiaidh do Kilroy an píosa a scríobh. Freisin, níl ionsaí gnéis i gceist sa phíosa, ach ionsaithe fisiciúla brúidiúla, ach ní théann Jordan thar fóir lena léiriú ar stáitse. Go leor ábhair mhachnaimh ar stáitse.

Amharclann na Mainistrigh go dtí 13 Márta.

Le Lisa Ní Shuairc