Ag rith ar son na Gaeilge i nGaillimh
Ar Lá Fhéile Pádraig, ghlac Ógra Shinn Féin, OÉ na Gaillimhe páirt i Rith 2010. Bhailighna reathaithe ó chumann D’Arcy-Mellow’s na hollscoile, ag an seipéal i mBearna ag 11.45 i.n. agus thosaigh an rith ag 12 i.n. Rith siad ó Bhearna chuig cathair na Gaillimhe – thart ar 8 gciliméadar siar ón gcathair - agus thóg sé thart faoi uair amháin ach bhí sé túirsiúil agus chailleamar cúpla duine ar an mbealach!
Thosaigh na chéad chéimeanna de Rith 2010 i mBéal Feirste ar an 9 Márta 2010. I ndiaidh an tsearmanais tionscnaimh, oscailíodh an Bata chun teachtaireacht thacaíocht na Gaeilge a chur isteach ann. Ansin, bronnadh an bata ar reathaí sa chéad chiliméadar agus thosaigh an turas.
Iompraíodh an Bata timpeall na hÉireann ar feadh naoi lá, ó mhaidin go hoíche, ar thuras 1600km, trí bhreis is 250 baile agus cúig chontae déag! Chríochnaigh sé ar Lá Fhéile Pádraig i gCathair na Gaillimhe!
Ghlac go leor ball de Shinn Féin agus Ógra páirt ann, ag rith ó Bhéal Feirste timpeall na tíre, an bealach iomlán go Gaillimh.
Ag deireadh an reatha, shiúil an grúpa Rith 2010 (muintir Ógra Shinn Féin san áireamh) suas tríd an mbaile in éineacht le mórshiúil na Gaillimhe agus nuair a tháinig sé chuig an Fhaiche Mhór agus bhí an teachtaireacht tugtha, dúirt Senan Mac Aoidh – Oifigeach na Gaeilge d’Ógra Shinn Féin san ollscoil – é seo faoin imeacht:
''Sílim gur bhain muidinne ar fad sult ar dóigh as an Rith, cé go bhfuil an chuid is mó againn traochta ón turas. Rud iontach a bhí ann ar son na teanga agus tá tuilleadh imeachtaí spreagúla cosúil leis de dhíth. ''



