San alt seo, beidh mé ag labhairt faoi mo chuid taithí a bhaineann leis an muinín. Ceapaim go bhfuil go leor baint ag an muinín leis an mbealach a labhraíonn tú leat féin, do chlann, do chairde, an pobal, an tsochaí agus na meáin chumarsáide. Tá ról láidir ag gach ceann sa liosta sin ar do mhuinín. Thosaigh mé ag aisteoireacht nuair a bhí mé an-óg agus musclaigh an aisteoireacht féinmhuiníne ionam. Ghlac mé páirt i go leor seónna agus ceolchoirmeacha, agus mar sin, mhothaigh mé mar go raibh muinín agam.
Ach nuair a bhí mé ag an aois álainn 14, mhéadaigh mo “awkwardness” agus tháinig laghdú ar mo mhuinín. Bhí aicne agam agus mar gheall air seo ní raibh aon mhuinín agam. Lá amháin, áfach, is maith is cuimhin liom gur tháinig mé ar an smaoineamh seo: ní fheiceann daoine a bhfuil grá agat daoibh do chuid éiginnte- rud a chuir mé ar mo shuaimhneas.
Go tapa ar aghaidh cúpla bliain agus tá go leor muinín agam arís. Anuraidh, bhreathnaigh mé ar gach gné de mo shaol féin agus conas gur féidir liom a fheabhsú. Mar shampla thosaigh mé ag rith, ag ithe go maith, ag déanamh machnaimh gach lá, ag éisteacht le podchraoltaí, ag léamh agus ag scríobh dialann freisin.
Gach maidin dúisím agus deirim frásaí dearfacha liom féin. Cuirim an cheist orm féin gach oíche “cad a rinne mé go maith inniu?” agus “cad is féidir liom a fheabhsú?” Tá sé seo iontach maith chun do mhuinín a fheabhsú. Ceapaim go bhfuil an frása “bréige é go dtí go ndéanann tú é” thar a bheith fíor. Cuir ceist ort féin cén fáth nach mothaíonn muinín ort agus déan rudaí a dhéanfadh duine muiníneach. Mar shampla tá díospóireacht ann na laethanta seo, faoi staidiúr ioga darbh ainm “Superman Pose”, agus cén fáth nach bhfuil sé go maith a dhéanamh. Ceapaim féin go bhfuil sé iontach é a dhéanamh roimh scrúdú nó agallamh ar feadh nóiméid nó dhó i seomra ciúin chun faoiseamh a bhaint amach!
Cé go bhfuil drochlá agam ó am go ham, tá leid agam anois chun dul i ngleic le dúshláin mar cosúil le teicnící análaithe agus cé go ndeirtear go minic é, nuair a chuireann tú glaoch ar chara nó duine a bhfuil muinín agat as. Freisin, uaireanta nuair atá rásaíocht ar m’intinne suím síos agus déanaim rudaí suaimhneach mar phéinteáil, ag éisteacht le ceol, agus cúpla lá ó shin thosaigh mé ag cniotáil agus chun na fírinne a rá ní do sheandaoine amháin é! Is iontach an féinchúram é!
Á chur i gcrích, “bréige é go dtí go ndéanann tú é”! Má tá drochlá agat, bíodh sé agat- ach beidh tú ceart go leor sa deireadh. Ná déan dearmad “is staid intinne í muinín”.