• Skip to content
  • Skip to secondary menu
  • Skip to primary sidebar
  • Skip to footer
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Lifestyle
  • Entertainment
  • Sports
  • Archives
    • Volume 16: 2014/2015
    • Volume 15: 2013/2014
    • Volume 14: 2012/2013
    • Volume 13: 2011/2012

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

  • Home
  • About
  • Get Involved
  • Contact Us
  • Disclaimer
  • Privacy Policy

Mol na meáin: Caoimhe Nic Giollarnáith.

April 8, 2021 By Sin Admin Leave a Comment

Le Eímear Nig Oireachtaigh

Is í Caoimhe an chéad duine atá ag rá go bhfuil an iomarca á déanamh aici. Is léachtóir í in Ollscoil Chathair Nua Eabhrac, agus bíonn sé ag múineadh in Ionad Ealaíon na hÉireann atá thall. Chomh maith leis sin, bhí sí ar dhá choiste ag am éigin, agus dul amach go hócáidí beagnach gach oíche. Saol an duine óig i Nua Eabhrac – an bhrionglóid! Ach stop sé sin go léir nuair a thit an phaindéim amach. Anois, tá gach rud ar líne, agus tá an deis aici sos a thógáil (anois is arís!). Nuair a chuirim ceist uirthi faoi, faighim léargas ar an saol i Nua Eabhrac. Dar léi, bíonn gach uile dhuine i Nua Eabhrac ag oibriú go dian, agus tá dhá phost ag go leor duine thall ann. Cé go bhfuil sí sásta leis an saol sin, luann sí nach bhfuil sé do gach duine, agus beidh ort áit éigin eile a phiocadh mura bhfuil tú ag iarraidh an cineál saoil sin. 

Bíonn sí ag múineadh litríocht agus gearrscéalta san ollscoil, le tosaitheoirí sa teanga. Cheap mé go raibh an difríocht idir an tír seo agus Meiriceá chomh suimiúil nuair a bhí mé ag múineadh daltaí ó Mheiriceá, agus dúirt sí go díreach an rud céanna. Tá meon go hiomláin difriúil acu nuair a thagann sé chuig an nGaeilge, tá siad i bhfad níos dearfaí. Ní mhothaíonn siad an brú céanna is a mothaíonn daoine sa tír seo, toisc nach bhfuil an teanga bhainteach leis an náisiúnachas atá acu, ach lena bhfréamhacha in Éirinn. Gach seans go dtéann na fréamhacha sin ar ais go dtí an naoú haois déag, agus mar sin ní mhothaíonn siad go bhfuil an ‘locht’ orthu nach bhfuil an teanga acu. Déanann sé sin post an mhúinteora i bhfad níos éasca, toisc nach bhfuil ort dul i ngleic leis na réamhchlaontaí atá acu, agus tú ag múineadh.

Tá Caoimhe ag baint an-taitneamh as a saol i Nua Eabhrac,  gan dabht. Ach ní féidir leat labhairt faoi Nua Eabhrac gan labhairt faoin gcostas. Is é an costas an fáth go mbíonn a cairde ag bogadh ar ais go hÉirinn nuair atá páistí acu, toisc nach bhfuil an t-airgead acu (nó ag mórán daoine i ndáiríre!) páiste a thógáil thall. Luaigh Caoimhe go gcosnaíonn sé $60,000 do bhliain amháin i scoil phríobháideach i Nua Eabhrac. Ar ndóigh, níl ort é sin a íoc, ar ndóigh, agus tá na scoileanna poiblí iontach maith ann freisin. Ach céard faoin bpáiste a thabhairt ar an saol sa chéad dul síos? $20,000. Gan trácht ar an gcostas atá ag árachas sláinte. Leis sin ina hintinn, tá Caoimhe ag smaoineamh faoi bhogadh ar ais go hÉirinn taobh istigh de deich mbliana, ach ceapaim féin go ndéanfainn an rud céanna! 

Má tá tú ag iarraidh éisteacht le Caoimhe ag labhairt faoina post, rinne sí agallamh an-suimiúil ar ‘Bladhaire’ i 2019. Níl ort ach a hainm a cuardach ar shuíomh Raidió na Gaeltachta chun í a aimsiú: Caoimhe Nic Giollarnáith. 

Follow Us
Facebook Follow
Twitter Follow

Related

Filed Under: Features Tagged With: Irish, sin as gaeilge

Reader Interactions

Drop us a comment! Cancel reply

Primary Sidebar

Tweets by NuigSin

More News

Bobo the Clown – A Wexford Wedding

Bobo the Clown – A Wexford Wedding

By Caroline Spencer Any upcoming events where hair and makeup are ‘a thing’ I … [Read More...] about Bobo the Clown – A Wexford Wedding

Beauty Bag review April

Beauty Bag review April

By Anastasia Burton Hello, my fellow make-up lovers, and welcome back to my … [Read More...] about Beauty Bag review April

We’re not ovary-reacting!

We’re not ovary-reacting!

By Rachel Garvey Periods. Each woman has a different way of describing their … [Read More...] about We’re not ovary-reacting!

Mise agus mo mhuinín – mo chuid taithí pearsanta

Mise agus mo mhuinín – mo chuid taithí pearsanta

Le Anna Campbell San alt seo, beidh mé ag labhairt faoi mo chuid taithí a … [Read More...] about Mise agus mo mhuinín – mo chuid taithí pearsanta

Budgeting Advice 11

Budgeting Advice 11

By Anastasia Burton Today I bring to you yet another budgeting advice piece. … [Read More...] about Budgeting Advice 11

Footer

RSS Latest SU News

Recent Posts

  • Bobo the Clown – A Wexford Wedding
  • Beauty Bag review April
  • We’re not ovary-reacting!
  • Mise agus mo mhuinín – mo chuid taithí pearsanta
  • Budgeting Advice 11

Recent Comments

  • Art and the Artist – The Sundae on Kesha’s trial outcome a loss for victims of sexual abuse and workers’ rights
  • John. on One to watch: author Louise O’Neill with new book Almost Love
  • Swapping liner for lip filler: the kylie jenner effect – campus on Swapping liner for lip filler: the Kylie Jenner effect

Copyright © 2021 SIN Student Newspaper. All rights reserved.