Le Eímear Nig Oireachtaigh
Is é seo colún nua Gaeilge ag SIN- ina phléann Eímear Nig Oireachtaigh daoine a bhíonn ag obair sna meáin, agus an bheart atá déanta acu maidir leis an teanga.
Tá seans maith ann go bhfuil aithne agat ar Phádraic Breathnach mar gheall ar a ról mar ‘Jacksie’ – an tábhairneoir i Killinaskully. Ach tá go leor déanta aige seachas sin – bhunaigh sé ‘Macnas,’ grúpa mór aisteoireachta i nGaillimh mar shampla. Bhí deis agam labhairt leis, agus bhí a lán le rá aige. Thosaigh mé amach le ceist chonspóideach – “Conas a spreagann tú an Ghaeilge i do shaol féin?”
Tá cáil ar Pháraic as a mhacántacht, agus ba léir é sin dom as a fhreagra díreach: “Ní cheapaim go bhfuil aon dualgais orm an Ghaeilge a spreagadh.” Lean sé ar aghaidh ag míniú go bhfuil go leor duine ag cur béime ar spreagadh an teanga, ar fhoghlaimeoirí an teanga, ar ghach rud seachas í a labhairt.
Ní aontaím go hiomláin leis – tá mé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, idir spreagadh an teanga agus í a labhairt. Is dócha go dtaispeánann sé sin mo phearsantacht féin níos mó ná aon rud eile. Tá mé i gcónaí ag iarraidh go mbeidh gach duine sásta!
Maidir leis an teanga ina shaol féin, úsáideann sé ina shaol pearsanta go minic í, ach “is fíorannamh” ina úsáideann sé an Ghaeilge ina shaol proifisiúnta. Agus cén fáth?
“Níl mórán daoine i m’earnáil ag obair ina bhfuil Gaeilge acu.” Bhí ionadh orm é sin a chloisteáil, ach is dócha go bhfuil mo bholgán féin agam ina bhfuil go leor Gaeilge ann, agus i ndáiríre, ní hé sin an saol do go leor daoine. Ach ansin chuala mé abairt nach raibh mé ag súil leis: uaireanta fiú nuair a bhíonn tú ag aisteoireacht i scannán Gaeilge, is é an Béarla a labhraítear ar chúl stáitse.
An féidir leat sin a chloisteáil? Sin an idéalú a bhí agam den earnáil Gaeilge sna hEalaíona i smidiríní.
Ar ndóigh, ba bhreá le Pádraic níos mó obair a dhéanamh as Gaeilge, ach bhí fadhbanna eile aige maidir leis a chanúint. Dar leis féin, níl sé ar a chompord riamh agus é ag labhairt as Gaeilge, go dtí go mbíonn sé siar abhaile lena siblíní – “Tá sé deacair nuair a airíonn tú nach bhfuil tú in ann a bheith oscailte, nuair nach bhfuil aon saoirse cainte agat.” Níor smaoinigh mé air sin riamh, mar bhean as Cill Mhantáin, le blas Baile Átha Cliath Theas orm. Láithreach, bhí náire orm faoi gach uair a chuir mé ceist ar chainteoir dúchais rud éigin a athrá. Ach ní hé sin an sprioc a bhí aige, bhí sé díreach ag labhairt go macánta.
Ní raibh ach ceist amháin fágtha agam – agus is breá liomsa rudaí a chríochnú ar fhocal dearfach- “Céard é an rud is fearr leat faoin nGaeilge?”
“An spraoi,” a deir sé. “Is é an chlisteacht teanga a thaitníonn liom is mó, agus an chaoi gur féidir leat rudaí a rá go leataobhach.”
Caithfidh mé a rá, is é sin ceann de na rudaí is fearr liomsa freisin. Is féidir leat rudaí a rá as Gaeilge, agus nuair a deir tú an rud céanna as Béarla, níl an cuma chéanna air.
Bhí comhrá iontach agam le Páraic, agus tá go leor saothair aige atá le moladh. Bhí ról aige sa scannán Michael Collins, ach má tá tú ag iarraidh é a fheiceáil ag aisteoireacht as Gaeilge, molaim an gearrscannán ‘An Leabhar’ – pléann an scannán dúnmharú i bPáras agus tá na póilíní ansin agus na Gardaí i nGaillimh ag obair le chéile chun an duine a ghabháil.