Le Conor Brummell
Dia daoibh, a chairde! Táim ar ais ag scríobh faoin Seimeastar Gaeltachta arís agus na rudaí atá ar siúl againn. Creid é nó ná creid é, tá an t-am ag druidim isteach orainn anois. Táimid i rith seachtain a naoi faoi láthair, agus bhí cúpla smaoineamh againn le linn na seachtaine bige anuas. Bhain mé an-taitneamh as na himeachtaí ar fad a rinneamar sa tseachtain seo caite, ach caithfidh mé admháil go n–airíonn Ollscoil na hÉireann Gaillimh uaireanta uaim. Nuair atá tú scartha ón bpríomhchampus na hOllscoile, tá sé dosheachanta go mothóidh tú uaigneach ó am go ham. Faoi dheireadh an ailt seo, tuigfidh tú céard atá chuige a bhfuilim.
Cé go bhfuil an Seimeastar Gaeltachta iontach maith, mothaím uaireanta go bhfuil mé ag cailleadh amach ar go leor rudaí cosúil le cuallachtaí agus clubanna san Ollscoil. San Acadamh na hOllscolaíochta sa Cheathrú Rua, ní go leor aiseanna ann cosúil leis an Ollscoil. Níor cheap mé riamh go ndéarfaidh mé é seo, ach airíonn an Leabharlann Seamus Ó hArgadáin uaim! Freisin, tá an chuid is mó de mo chairde sa bhliain na céime na laethanta seo agus mothaíonn go bhfuil mé ag cailleadh amach ar na nóiméid deireanacha atá againn mar gheall nach bhfuil mé thart chomh minic is a bhí mé sa chéad agus sa dara bliain. Mar shampla, bhí Rasaí na Gaillimhe ar siúl an tseachtain seo caite agus bhí go leor de mo chairde ann don uair dheireanach mar Mhic Léinn agus mhothaigh mé cumhach nach raibh mé in ann dul! Mar a luaigh sa chéad alt a scríobh mé, áfach, tá go leor cairde nua agam mar gheall ar an nGaeltacht agus eagraítear a lán imeachtaí anseo dúinn a bhfuil iontach suimiúil cosúil le cúigear an taoibh, damsha líne, ranganna cocaireachta agus go leor eile!
Ag leanúint ar aghaidh, tuigim anois tábhacht na Gaeilge sa saol laethúil. Tugann sé saibhreas don saol atá agat, agus baineann go leor buntáistí leis saol trí Ghaeilge. Nuair a dhéannann tú rud nua trí Ghaeilge, bíonn sé agat go deo. Níl insint béil duit, ach nuair a dhéanann tú cairdeas trí Ghaeilge, mothaíonn sé i bhfad níos cumhachtaí mar gheall go bhfuil caidreamh speisialta idir tusa agus an duine eile mar gheall go bhfuil an Ghaeilge i bpáirt eadraibh. Tá go leor stair agus cultúr ag baint leis an nGaeilge agus músclaítear féinmhuinín agus tírghrá i nduine nuair a labhraítear an Ghaeilge. Freisin, mar gheall go dtéimid ar thurais gach seachtain go dtí comhlachtaí Gaeilge ar fud fad Conamara, léirítear dúinn go bhfuil i bhfad níos mó deiseanna fostaíochta againn i ndiaidh na céime. Chuaigh muid go Tuismitheoirí na Gaeltachta, Roinn na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Ros na Rún, TG4, Europus agus Raidió na Gaeltachta. Ardaíonn sé mo chroí go bhfuil deiseanna cosúil mar sin againn sula i bhfad.
Ag druidim chun deiridh, níl mórán eile a rá agam ach go bhfuil an cúrsa ag éirí go maith. Beidh aistí le déanamh againn faoi cheann tamaillín, agus ansin beidh Nollaig ag bualadh! Beimid críochnaithe sa Ghaeltacht ag deireadh Mí na Samhna, rud atá scanrúil go leor gan dabht. Is maith is cuimhin liom seachtain a haon agus muid uilig a chur aithne ar a chéile! Beidh sé aisteach ag teacht abhaile agus a bheith gan daoine timpeall orm an t-am ar fad, ach tabharfaimid aghaidh ar an deacracht sin nuair is gá. Go dtí an chéad uair eile, slán go fóill a chairde!