Bail ó Dhia oraibh, a lucht léite dhílis.
Bhí príomh-aire na hIodáile, Giuseppe Conte, sa mBruiséil Dé Máirt arú seo caite chun óráid a thabhairt os comhair Pharlaimint na hEorpa. Ach níor fearadh fáilte roimhe ar chor ar bith.
“Ar uairibh bíonn an Iodáil,” arsa Guy Verhofstadt, ceannaire an pháirtí liobrálaí i bParlaimint na hEorpa, “ag iompar í féin ar bhealach fritheorpach, agus le teann faltanais oscailte i leith tíortha eile atá san Aontas.”
Bhí goimh ar líon mór de fheisirí na parlaiminte leis an Iodáil go fóill tar éis don tír sin an ráiteas a bhí le heisiú ag an Aontas an tseachtain roimhe sin maidir le Veiniséala a chrosadh.
Bhí an tAontas Eorpach ag iarraidh ráiteas coiteann a chur amach ag tabhairt aitheantais do Juan Guaidó mar uachtarán eatramhach Veiniséala, a bhfuil aitheantas tugtha dó cheana féin ag formhór thíortha Mheiriceá Theas agus Mheiriceá Thuaidh.
Is é Juan Guaidó uachtarán chomhthionól náisiúnta Veiniséala, ach níor toghadh ina uachtarán ar an tír é. Tá Nicolás Maduro, a toghadh den chéad uair sa bhliain 2013, tar éis bua a fháil arís sa toghchán is déanaí in nár thug sé cead do dhuine ar bith a bheith mar iarrthóir eile ina choinne.
Is mór an chumhacht atá ag Maduro mar uachtarán ar Veiniséala, agus tá tacaíocht chuid áirithe de dhaonra Veiniséala agus tacaíocht na coda is mó den airm aige go fóill. Ach tá an tír ag dul chun anró agus chun ainreachta le fada anois agus tá níos mó ná an deich faoin gcéad de dhaonra na tíre tar éis teitheadh as an tír le linn na mblianta déanacha.
Sa bhliain seo caite, bhí ráta boilscithe na tíre timpeall ar dhá chéad faoin gcéad in aghaidh na seachtaine – is é sin le rá go raibh na praghsanna ag méadú faoi dhó beagnach gach dhá sheachtain. Tá ganntanas bia agus ganntanas cógais i ngach áit den tír leis na blianta anois.
Cuireann rialtas Mheiriceá sáruithe ar chearta an duine agus caimiléireacht i leith rialtas Maduro, agus mar sin tá smachtbhannaí eacnamaíocha curtha ar an Veiniséala agus ar chomhlacht náisiúnta peitril na tíre chomh maith.
Thosaigh an ghéarchéim pholaitíochta atá ar siúl sa tír faoi láthair ar an triú lá fichead de mhí Eanáir, nuair a d’fhógair Guaidó é féin ina uachtarán eatramhach tar éis don pharlaimint a rá go raibh an toghchán neamhbhailí.
D’aithin na Stáit Aontaithe agus tíortha daonlathacha eile Mheiriceá mar uachtarán é go gairid ina dhiaidh sin, ach bhí drogall ar an Aontas Eorpach amhlaidh a dhéanamh. D’iarr siad ar Maduro toghchán nua a shocrú agus thug siad seachtain dó leis sin a ghealladh.
Dhiúltaigh Maduro toghchán eile a shocrú, agus fuair sé tacaíocht ón Rúis, ón tSín, agus ón Iaráin, mar aon le cúpla tír eile. Ach tar éis dóibh an t-eiteach a fháil uaidh maidir le toghchán nua, bheartaigh an tAontas Eorpach aitheantas a thabhairt do Guaidó.
Ach níorbh fhéidir don Aontas Eorpach ráiteas coiteann a chur amach, toisc chrosadh na hIodáile.
“Níor luaigh siad fáth ceart leis” a dúirt taidhleoir Eorpach amháin leis an EUObserver, maidir leis an Iodáil.
“Seafóid” a thug Guy Verhofstadt air, agus “déanta de réir orduithe ó Mhoscó” a bhí sé, arsa seisean.
Dúirt feisire de chuid an pháirtí 5MS, páirtí phríomh-aire na hIodáile: “Foláireamh deiridh a thabhairt, smachtbhannaí eacnamaíochta a chur, nó earraí Veiniséalacha a reo… céim ar an mbealach chun idirghabhála míleata a bheadh i gceist.”
“Ní mór misneach” arsa sé, “chun cloígh le seasamh neodrach… Is mithid don Eoraip deireadh a chur leis an ngéilleadh d’orduithe Mheiriceá feasta.”
Ach ar an taobh eile, bhí tuairimí eile ag polaiteoirí Iodálacha lasmuigh den pháirtí 5MS.
“Ní moladh rómhór orainn é seo,” arsa leasphríomh-aire na hIodáile, Matteo Salvini.
Agus bhí uachtarán na hIodáile, Sergio Mattarella, ní ba láidre:
“Ní mór dúinn bheith freagrach agus soiléir agus seasamh coiteann a ghlacadh in éineacht lenár bpáirtithe agus gcomhghuaillithe san Aontas,” arsa seisean.
“Lá éigin beidh náire [ar rialtas na hIodáile] nach raibh siad ar an taobh ceart de réir chuimhne an phobail.”