Bail ó Dhia oraibh, a lucht léite dhílis.
Dé Máirt seo caite, foilsíodh dhá thuairisc maidir le hiarrachtaí an Aontais Eorpaigh i gcoinne Athrú na hAeráide.
Sa chéad tuairisc, a bhí foilsithe ag Eurostat, tugtar le fios go bhfuil an 7.5% den fhuinneamh atá in úsáid san AE ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite, cé go bhfuil sé mar sprioc ag an AE an 20% a bhaint amach faoin mbliain 2020.
Sa bhliain 2016 bhí an 17% in-athnuaite, sa bhliain 2015 an 16.7%, agus sa bhliain 2014 16.2%.
Is léir de réir na bhfigiúirí sin nach bhfuil fás tapa go leor ag teach tar an céatadán den fhuinneamh atá ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite chun go mbainfí amach spriocanna na bliana 2020.
Ina ainneoin sin, dúirt Miguel Arias Canete, coimisinéar de chuid an Aontais Eorpaigh um Ghníomhú ar son na hAeráide, go raibh an tAontas “ar an mbóthar ceart chun an sprioc fuinnimh athnuaite don bhliain 2020 a bhaint amach.”
De réir na tuairisce a d’fhoilsigh Eurostat, d’ardaigh an céatadán den fhuinneamh atá in-athnuaite i naoi dtír déag san Aontas Eorpach. Sna naoi dtír eile, bhí an céatadán mar an gcéanna nó tháinig laghdú air.
Tá spriocanna dá cuid féin ag gach uile thír san Aontas. De réir na tuairisce seo, tá a spriocanna bainte amach ag an mBulgáir, ag an gCróit, ag an tSeice, ag an Danmhairg, ag an Eastóin, ag an bhFionlainn, ag an Ungáir, ag an Iodáil, ag an Liotuáin, ag an Rómáin, agus ag an tSualainn.
Ach ní fheictear ar an liosta sin na trí thír is mó ó thaobh úsáid an fhuinnimh de: an Ghearmáin, an Fhrainc, agus an Ríocht Aontaithe. Agus ní fheictear ar an liosta sin Éire ach a oiread.
Tá céatadán 15.5% de fhuinneamh in-athnuaite in úsáid sa Ghearmáin, ach sprioc 18%.
Agus tá céatadán 16.3% de fhuinneamh in-athnuaite in úsáid sa Fhrainc, agus sprioc 23% acu siúd. De réir na tuairisce, tá ardú níos mó de dhíth sa Fhrainc roimh an bhliain 2020 chun a cuid spriocanna a bhaint amach ná an t-ardú iomlán a tháinig ar úsáid an fhuinnimh in-athnuaite sa Fhrainc le cúig bliana déag anuas.
Ós rud é go bhfuil úsáid an fhuinnimh sa Ghearmáin agus sa Fhrainc chomh mór sin, is orthu siúd atá an dualgas is mó. Ach ó thaobh na spriocanna a bhaint amach, tá an Ísíltír agus Éire ar na tíortha is measa. Tá an 6.6% de úsáid fhuinnimh na hÍsiltíre ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite in ainneoin sprioc 14% don bhliain seo chugainn.
Agus tá an 10.7% anseo in Éirinn in ainneoin sprioc 14%.
Ar an gceathrú tír is measa ó thaobh a spriocanna a bhaint amach, tá an Ríocht Aontaithe. Ach toisc go mbeidh sí ag imeacht go luath, is féidir a rá gur rud dearfach é chun an sprioc don Aontas Eorpach ar fad a bhaint amach.
Nuair nach mbeidh an Ríocht Aontaithe san áireamh, beidh sé níos éasca an sprioc coiteann 20% a bhaint amach.
Ach fós féin, is é sprioc na spriocanna seo srian a chur ar an athrú aeráide sa domhain mór. Mar sin, cé go mbeadh céatadán níos fearr bainte amach ag an Aontas Eorpach ar an meán, is beag is fiú don aeráid féin má bhíonn an Ríocht Aontaithe san áireamh nó mura mbíonn.
Ar an taobh eile den scéal de, tá na tíortha lochlannacha ann mar eiseamláir don Eoraip agus don domhan ar fad. Bhain an tSualainn céatadán 54.5% amach i mbliana agus an Fhionlainn an 41%—an dá thír is fearr san Aontas Eorpach.
Ansin, sa dara tuairisc a bhí foilsithe ag an eagraíocht iomráiteach Greenpeace, tugadh le fios go bhfuil an 18%-20% de cháinaisnéis an Aontais Eorpaigh ar fad ag dul go feirmeoirí beostoic.
Is tráthuil an rud é gur foilsíodh an dá thuairisc seo ar an lá céanna, mar is í an feirmeoireacht bheostoic an fhoinse is mó astaíocht charbóin san Aontas Eorpach in earnáil na talmhaíochta. Tá astaíochtaí i bhfad níos mó ag baint le feirmeoireacht bheostoic agus leis an bhfeoil go ginearálta ná mar atá ag glasraí agus ag torthaí.
Ó thaobh na sláinte de, tá an iomarca feola á ithe ag formhór na nEorpach chomh maith.
Dúirt Greenpeace: “Go bhfuil níos mó ná an leath de chaiteachas an Aontais Eorpaigh ar an talmhaíocht ag dul go dtí an earnáil bheostoic… tá sé sin ag dul díreach i gcoinne rabhaidh na n-eolaithe go bhfuil gá le laghdú suntasach ar an méid táirgí beostoic atá á n-ithe agus a dtáirgeadh.”
Deirtear sa tuairisc go bhfuil thart ar an 71% de thalamh feirme na hEorpa in úsáid ar bhealach diomailteach agus neamhéifeachtúil.
Tá agóidí móra i mbun ag daltaí bun- agus meánscoile ar fud na hEorpa faoi láthair i gcoinne an drogall a meastar a bheith ar pholaiteoirí an Aontais agus ar pholaiteoirí na dtíortha éagsúla atá mar bhall de beartais dáiríre a chur i bhfeidhm i gcoinne Athrú na hAeráide.