Le Quinton Beck
Bail ó Dhia oraibh, a lucht léite dhílis. Leis an alt seo cuirtear tús le sraith nua reatha ina leanfar polaitíocht na hEorpa agus ina bpléifear ábhar amháin suntais i gcoinne na coicíse.
Is mise Quinton Beck, iarrthóir iarchéime sa Nua-Ghaeilge ar an ollscoil álainn seo a bhfuil grá againn uile di. Tá suim ar leith agam i bpolaitíocht na hEorpa agus ní raibh cúrsaí na hEorpa riamh chomh tábhachtach agus suntasach in Inis Fáil is atá an lá inniu in aimsir dhubhach na Breatimeachta.
Pléifidh muid inniu an tseancheist bhuailte úd: ceist an tearmainn agus athchóiriú Riarachán Bhaile Átha Cliath. Tá ainm beannaithe phríomhchathair na hÉireann i mbéal mhadraí an bhaile ar fud na hEorpa leis na blianta beaga anuas ó thosaigh Géarchéim na nInimirceach sa bhliain 2015. Agus séard is cúis leis ná Riarachán Bhaile Átha Cliath, an dlí de chuid an AE a deir nach mór iarratas ar thearmann a scrúdú sa bhallstát inar chéadleag an t-iarrthóir cos san AE.
Ní raibh aon chúis ghearáin i Riarachán BÁC ar feadh na blianta go dtí gur mhéadaigh an líon imirce agus iarrthóirí tearmainn go tobann i 2015. Ó shin i leith, tá toil pholaitiúil ann go flúirseach go n-athchóireofar na rialacha BÁC ach níor éirigh go fóill teacht ar réiteach.
Tá tuairimí difriúla, contrártha ag baill áirithe den Choimisiún Eorpach. Tá Giuseppe Conte, PA na hIodáile, ag iarraidh na himircigh a dhíbirt óna thír féin trína scaipeadh agus a chomhroinnt ar fud na hEorpa. Tá Viktor Orbán, PA an Ungáir, ag iarraidh gan imirceach ar bith a ligean isteach ina thír féin agus é go láidir in aghaidh a gcomhroinnte. Ansin tá leithéidí Emmanuel Macron, PA na Fraince, ag iarraidh go mbeadh fáilte roimh iarrthóirí tearmainn ach amháin iad a bheith comhroinnte go cothrom ag na Ballstáit ar fad.
I ndeireadh mhí an Mheithimh den bhliain seo, fógraíodh smaoineamh nua: “ionaid rialaithe” i suíomhanna áirithe laistigh den AE, nó “ardáin díbhordála” i suíomhanna áirithe lasmuigh den AE. Sampla foirfe ar an bhfeiniméan a dtugtar i mBéarla NIMBY air: táimid sásta go mbeadh siad ann, ach amháin nach mbeidís inár gcóngar féin.
Ar feadh seachtaine nó mar sin bhí bís sa Bhruiséal, ach ní fada go raibh sé soiléir go raibh gach éinne sásta go mbeadh ‘ionad’ nó ‘ardán’ i dtír eile seachas a dtír féin. Bhí sé ceaptha go raibh deireadh leis an smaoineamh ansin, ach in alt a foilsíodh an 12 Deireadh Fómhair 2018, tugann EUObserver le fios go bhfuil an smaoineamh fós beo: tá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh anois go mbeadh Maracó agus an Túinéis aitheanta go hoifigiúil mar ‘tríú tír sábháilte.’
Níos luaithe i mbliana d’fhógair ceannairí an dá thír nach mbeadh siad sásta ‘ardáin díbhordála’ a cheadú ina dteorannacha féin. Ach an bhfuil an tAE chun tabhairt faoina mealladh chun athchomhairle? An dtairgfear na billiúin euro dóibh mar atá á dhéanamh leis an Tuirc chun na himircigh a choinneáil ansin? Feicfimid linn.