Stiúrthóir: Gareth Edwards
Aisteoirí: Felicity Jones, Diego Luna, Alan Tudyk, Ben Mendelsohn, Mads Mikkelsen, Donnie Yen, Riz Ahmed, Jiang Wen, Forest Whitaker
Má tá suim agat i Star Wars beidh suim agat sa scannán seo. Ar an chéad dul síos tá sé tábhachtach a thuiscint go bhfuil an scannán Rogue One: A Star Wars Story ag tarlú i ré atá roimh Star Wars (1977)/ Star Wars Episode IV: A New Hope agus tá sé bunaithe ar na ceannaircigh a mbíonn ag lorg na pleananna don ‘Death Star’. Sa scannán leanann muid Jyn Erso (Jones) a n-éarcaíonn na ceannaircigh le cuidiú leo na pleananna seo a fháil. Earcaíonn siad Jyn de bharr gur Galen Erso (Mikkelsen) a hathair, agus gur é an príomh-innealtóir ar an Death Star, agus measann siad go mbeidh sí ábalta an t-eolas a fháil uaidh.
Tá dúil mhór agam sa choincheap a bhaineann leis an scannán seo agus tá súil agam go ndéanfaidh lucht Star Wars agus Disney níos mo scéalta mar seo sa todhchaí. Tá an scannán seo iontach suimiúil mar go dtaispeánann siad an cogadh a bhí ag dul ar aghaidh ag an am sin i gcruinne Star Wars; tá na carachtair uilig fíor shantach agus ag díriú isteach go hiomlán orthu féin. Chuala mé daoine ag rá nach dtagann athrú ar na carachtair ó thús go deireadh an scannáin agus nach bhfuil an fáth a ndéanann siad gnímh airithe iontach soiléir. Tuigim cén fáth a ndéarfadh daoine seo ach níor chur sé sin isteach ormsa agus bhí go leor suim agamsa iontu ó thús go deiridh. Tá an cliar iontach maith go háirithe Donnie Yen, Jiang Wen, Alan Tudyk agus Mads Mikkelsen, an t-aon locht atá air nó nach bhfaigheann siad go leor ama ar an scáileán.
An rud is fearr fá dtaobh don scannán seo ná an comhrac: tá troideanna ar thránna, i lár cathracha agus amuigh sa spás, tá an troid amuigh sa spás ar an cheann is fearr a rinneadh i spás in aon sraith roimhe seo. Déanann an stiúrthóir Edwards obair iontach ag taispeáint an scála do chuile rud, tá cuma níos mo agus scáfara ar an ‘Death Star’ ná mar a bhí riamh. Fosta tá tú cinnte agus tú ag amharc ar an scannán go bhfuil na carachtair uilig i ndainséar agus go dtiocfadh le duine ar bith acu bás a fháil.
Is cinnte go bhfuil an scannán seo níos fearr ná na réamhscéalta a tháinig amach idir 1999 agus 2005 agus níos fearr ná Return Of The Jedi ach ní shílim go bhfuil sé chomh maith le Star Wars, Empire Strikes Back nó Force Awakens ach is iadsan cuid de na scannáin ab fhearr liom riamh.
Conclúid: Má tá suim agat i Star Wars agus scannáin cogaidh ba chóir go mbeadh suim agat sa scannán seo.
8/10
-Le Mícheál Óg Ó Fearraigh